Foclóir : Taoisc - averse ; fothain - abri; astaíochtaí - émissions ; lagintinneach - faible d'esprit ; dianrialú - réglementer étroitement; tonn teasa - canicule ; aneas - sud; doicheall - réticence.
« Tráth, fá Lúnasa, ba dhomsa tharla,
Ar bhord Áth-Chinn est allé mór ag báisteach,
Dhruid mé ar leataoibh agus ní gan ábhar,
Go bhfaighinn claí nó tom do dhéanfadh scáth dom.
Ní bhfuair mé ann, je leataoibh bearnan,
Ach seansceach chaite, chraite, chráite,
Ar thaoibh an chlaí, ‘s a haghaidh le fána,
Dhruid mé fúithi est ba fhliuch an áit dom.
Bhí an fhearrthainn go dian, ag teacht as gach cearda,
Anoir's aniar, 's anuas le fána,
Un shamhail ní fhéadfainn thabhairt conduit, láithreach,
Ach roithleán lán bheith ag criathrú ráibe.
Nach deas mar a chuir Raiftearaí síos ar thaoisc bháistí sa dán Seanchas na Sceiche ?
Clascairt báistí a thit i dtús Lúnasa na bliana seo freisin. Ba dheacair gan bheith ag cuimhneamh ar an bhfile bocht ar thaobh an bhóthair « ar bhord Áth-Chinn » agus gan d’fhothain aige ach « seansceach chaite, chraite, chráite ».
D'fhág drochaimsir na bliana seo féar agus arbhar ina luí gan dóchas ag feirmeoirí go dtiocfadh leo mórán de a shábháil. Ba mheasa ná sin fiú amháin na barra faoi uisce nuair a chuaigh an tSionainn agus aibhneacha eile thar maoil.
Cé gur toradh ar théamh an domhain an aimir eisceachtúil, tuairiscíodh sna meáin go bhfuil ionadaithe Earnail na feirmeoireachta ag cur go mór in aghaidh polasaithe a ceapadh chun an comhshaol a tharrtháil. Is aisteach é sin nuair a chuimhnítear gur minic iad na feirmeoirí féin is túisce agus is mó a bhíonn thíos le meath na timpeallachta.
Níl na páirtithe móra gan locht ach an oiread. Má táthar chun sprioc 2030 a bhaint amach agus 25 faoin gcéad de laghdú a chur ar astaíochtaí talmhaíochta, beidh obair mhór le déanamh ag Earnail na talmhaíochta agus ag an gcóras polaitiúil a bhíonn lagintinneach agus beagintinneach fa oi na cúrsaí seo go rómhinic.
Níl aon amhras ...
[Courte citation de 8% de l'article original]